Bua an Cheoil - Fearghal Ó Raifeartaigh

Inniu tá an tsraith ‘Bua an Cheoil’ ar ais arís ar Meon Eile.

Sa tsraith seo beidh muid ag tabhairt cuairte ar cheoltóirí áirithe ar fud na tíre le labhairt leo faoina gcuid ceoil féin.

Sa chéad mhír tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill i mbun comhrá le fear de bhunú Tír Eoghain, Fearghal Ó Raifeartaigh. Is léir go bhfuil an ceol san fhuil ag Fearghal agus é mar mhac ag an fhidléir cáiliúil Bríd Harper…

Labharann Fearghal faoin spreagadh a bhfuair sé óna dtuismitheoirí ag fás aníos, faoi na ranganna a d’freastal se air agus na ceadta féiltí cheoil a bhí sé aige thar na mblianta.

Tá dúil ag Fearghal sa cheol traidisiúnta agus clasaiceach agus seinneann sé an fhidil, an fheadóg agus an pianó.

Rinne sé staidéar in Coláiste Mhuire i mBéal Feirste agus é anois cáilithe agus ag obair mar mhúinteoir bunscoile. Siocair na tacaíochta agus spreagadh a fuair sé féin ag fás aníos maidir leis an cheol bíonn sé i gcónaí ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh dá dhaltaí scoile féin.

Nuair nach bhfuil sé ag teagasc nó ag múineadh ceoil, bíonn Fearghal ag seinm sa ghrúpa ‘The Muddlers Club’.

Bíonn an bhuíon seo le feiceáil ag bualadh i rith na seachtaine ar fud na sé chontae agus níos faide i gcéin.

Fuair siad cuireadh dul chun na Rúise anuraidh, rud ar bhain siad an-sult as agus cuireadh eile faighte acu dul anonn arís mí Mhárta.

Fidléir den scoth atá ann, cosúil leis na glúnta a tháing roimhe, agus níl dabht ar bith go mbeidh clú agus cáil bainte amach aige sna blianta amach romhainn.

Bua Cheoil - Fearghal Raifeartaigh
Close
Close