Bua an Cheoil - Emma Ní Fhíoruisce

Bua an Cheoil - Emma Ní Fhíoruisce

Inniu ar Meon Eile táimid ag leanúint leis an tsraith Bua an Cheoil, le físeán ón cheoltóir óg de bhunadh Ghaoth Dobhair, Emma Ní Fhíoruisce.

Ceoltóir ildánach í Emma agus go leor uirlisí ceoil aici, gan trácht ar an ghlór binn galánta atá aici.

Thosaigh Emma nuair a bhí sí iontach óg agus d’fhoghlam sí an giotár di féin.

Chuaigh sí ó neart go neart nuair leis an ghrúpa ceoil ‘An Crann Óg’, áit ar fhoghlaim sí a lán uirlisí ceoil éagsúla, agus áit a bhfuair sí spreagadh agus misneach i measc a comrádaithe.

Bíonn Emma ag cumadh a cuid amhrán féin agus baineann sí an-sult as a bheith ag aistriú amhrán clúiteach go Gaeilge.

Bhí Emma ag déanamh staidéir ar an cheol in Ollscoil BIM i mBriostó ar feadh trí bliana, agus bronnadh a céim uirthi i mbliana.

Bíonn sí anois ag teagasc ranganna ceoil sa bhaile i nGaoth Dobhair agus ag iarraidh an ghlúin óg a spreagadh chuig an cheol.

Labhair muid le Emma faoina ceol agus faoi cad atá amach anseo di mar cheoltóir.

Bua an cheoil - Emma Ní Fhíoruisce
Close
Close