Ar chúl an cheamara - le Caitlín Nic Aoidh

Ar chúl an cheamara - le Caitlín Nic Aoidh

Tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ar ais i mBaile na hAbhann i gConamara an tseachtain seo agus é i gcuideachta láithreora le TG4, Caitlín Nic Aoidh.

Is as an Seanbhaile i gCloich Cheann Fhaola í Caitlín, í an duine is óige de cheathrar clainne.

Thoisigh Caitlín ag obair mar láithreoir le TG4 i mí na Samhna 2014, agus ó shín tá ag éirí go hiontach léi.

Bíonn Caitlín ag plé go príomha leis an aimsir agus leis an leanúnachas ar TG4, in éineacht le Fiona Ní Fhlaithearta, Irial Ó Ceallaigh agus Mairéad Ní Chuaig.

Thug Seán cuairt ar Chaitlín agus í i mbun oibre i stiuidió TG4.

Labhair sí leis faoina bheith ag piocadh sméara dubha, faoin dúil atá aici sa snorcláil agus faoin ‘sarong’ galánta sin a chaith sí ag club oíche blianta ó shín…

Ar chúl an cheamara - le Caitlín Nic Aoidh
Close
Close