'The Pursuit of Perfection' - Seoladh Leabhar Dhónail Mhic an Ailín

Trí bliana déag ó shin a fuair an peileadóir iomráiteach as Tír Eoghain, Cormac Mac an Ailín, bás tobann gan choinne de bharr faidhbe lena chroí.

Bhí Cormac i mbarr a réime ag an am tar éis dó Craobh na hÉireann agus Gradam Uile-Réalta a bhaint an bhliain roimhe.

Tá a dheartháir Dónal anois i ndiaidh leabhar a scríobh faoi bheatha, bás agus oidhreacht Chormaic.

Chuir Cormac an-bhéim ar fhéinmheasúnu i rith a shaoil, ag anailísiú gach gné dá chuid imeartha ar an pháirc.

Sa leabhar úr seo le Dónal Mac an Ailín tugtar léargas dúinn ar chuid de na taifid sin a choinnigh Cormac, chomh maith le sleachta ó dhialanna leis.

Ach thar a dhath eile is léiriú é an leabhar seo ar shaol na ndeartháireacha agus iad ag fás aníos faoin tuath i gContae Thír Eoghain.

Seoladh an leabhar i mBéal Feirste le déanaí in Ollscoil na Ríona, áit a raibh Cormac ina mhac léinn agus réalta ar an fhoireann peile chomh maith.

Bhí Meon Eile i láthair ag seoladh 'The Pursuit of Perfection : The Life, Death and Legacy of Cormac McAnallen'.

Close
Close