Seo linn Comórtas Peile na Gaeltachta 2013

Tráthnóna inniu a chuirfear tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2013 i Rinn Ó gCuanach, Port Láirge.

Fillfidh foirne ó na ceithre Chúige ar Ghaeltacht na Déise le páirt a ghlacadh i gcomórtais na bhfear agus na mban.

CLG na Rinne ag súil go mbeidh 5,000 duine ar chomórtais an deireadh seachtaine. Beidh fir agus mná Laochra Loch Lao ag déanamh ionadaíochta thar cheann Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Chaith muid tráthnóna le foireann na bhfear an tseachtain seo agus d’fhiosraigh muid cúis a dtiomantais don chomórtas…

Laochra Loch Lao
Close
Close