Páirc bhuan á lorg ag Na Gaeil Óga

Páirc bhuan á lorg ag Na Gaeil Óga

Tá feachtas bailliúcháin airgid tosaithe ag an chlub CLG lán-Ghaeilge, Na Gaeil Óga, agus iad cúig bliana ar an bhfód i mbliana.

Bhí an tArd-Mhéara, Críona Ní Dhálaigh, agus an craoltóir Micheál Ó Muircheartaigh i láthair chun a gcuid tacaíochta a thabhairt don chlub nuair a seoladh an feachtas i dteach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath

Tá sé mar aidhm ag an Na Gaeil Óga €500,000 a chruinniú taobh istigh de chúig bliana agus iad ag iarraidh baile buan a thógáil daofa féin.

An fhís dheiridh atá ag an chlub ná clubtheach, seomraí feistis agus páirceanna a thógáil, ach is í an chéad chéim ná páirc bhuan agus soilse a thógáil sa dóigh is go mbeidh áit traenála acu i rith an gheimhridh.

Is i gceantar Leamhcáin i mBaile Átha Cliath atá sé i gceist ag Na Gaeil Óga an pháirc nua seo a thógáil.

Páirc bhuan á lorg ag na Gaeil Óga

Chun na pleananna do Pháirc Bhuan Na Gaeil Óga a fheiceáil, cliceáil ANSEO

Más mian leat cabhrú leis NGÓ is féidir deontas a chur chucu anseo

IBAN: IE 34AIBK93222108585124

BIC: AIBKIE2D

Chun níos mo a fhoghlaim faoin tionscnamh, déan teagmháil leo trí ríomphost ar [email protected]

Close
Close