Mórdhuais Fhéile Peile na nGaelscoileanna bainte ag Bunscoil Phobal Feirste

Bhí os cionn 300 dalta scoile in iomaíocht i dtrí chomórtas éagsúla ag Féile Peile na nGaelscoileanna le déanaí.

D’imir daltaí ó Ghaelscoileanna Chontae Aontroma ar pháirceanna imeartha Chumann Rossa agus Chumann na Sáirséalach i mBéal Feirste do Chorn Liam Uí Mhuirí, Sciath Laochra Loch Lao agus Corn Choláiste Feirste.

Tá an fheile peile seo á reáchtáil anois le breis agus 10 mbliana. Aidhm na féile ná an pheil Ghaelach agus an Ghaeilge a chothú i measc ghirseachaí agus ghasúraí Ghaelscoileanna Chontae Aontroma chomh maith le nascanna a dhaingniú idir na scoileanna éagsúla.

Bunscoil Phobal Feirste a bhain duais mhór an lae, Corn Liam Uí Mhuirí, i ndiaidh dóibh foireann eile de chuid na scoile a bhualadh sa chluiche ceannais.

Labhair Meon Eile le himreoirí, múinteoirí agus lucht eagraithe na féile faoi thábhacht na féile agus faoi oidhreacht Liam Uí Mhuirí féin.

Close
Close