Dráma go leor ag Cluichí Rio 2016

Pól Mac Fheidhlimidh

Bhuel, sin é go ceann ceithre bliana eile.

Maith linn é nó nach maith, glacann Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh seilbh ar shaol an spóirt ar feadh corradh is coicíse gach ceithre bliana.

I gcónaí bíonn buanna glórmhara órga, briseadh croí, conspóid, curiarrachtaí agus scannail drugaí i gceist agus níor thaise don Oilimpiad seo.

Ach cad chuige ar ann do na Cluichí Oilimpeacha? Cad é an cuspóir atá leo?

Ba é an bharúil a bhí agam féin riamh anall gur ardán a bhí iontu do chluichí nach mbíonn i mbéal an phobail de ghnáth, nach meallann na sluaite síoraí ach go hannamh agus gur ionann iad agus buaicphointe gnóthachtála i spóirt áirithe.

Lúthchleasaíocht, gleacaíocht, dornálaíocht na n-amaitéarach, snámh, tógáil meáchan srl.

Ardaíonn sé sin an cheist, cad chuige a bhfuil leithéidí an tsacair, an ghailf, na leadóige agus an rugbaí nó an rothaíocht féin san áireamh?

Is iomaí duine a dtiocfadh leo buaiteoirí Wimbledon, Sraith Churaidh na hEorpa sa sacar, Comórtais Oscailte Ghailf nó Tour de France a ainmniú.

Ach an suim leis na hAlbanaigh, dáiríre, cá mhéad bonn óir atá ag Andy Murray, seachas cá mhéad uair a bhain sé Wimbledon?

An mbeidh Bradley Wiggins ag insint dá chuid garpháistí faoin bhonn óir a bhain sé in Rio nó faoina chuid éachtaí sa Tour?

Sin uilig ráite, ar ndóigh, chuirfeadh sé gliondar ort foireann seachtar an taobh rugbaí Fhidsí a fheiceáil ag buachan an chéad bhoinn – ar dhath ar bith – don tír riamh nuair a chloígh siad an Bhreatain sa chluiche ceannais.

Ach is eisceacht é seo.

Is cluiche ar leith é seachtair rugbaí agus is imreoirí ar leith iad na Fidsithe ina cheann.

Beagán cosúil leis an iománaíocht i gCill Chainnigh!

Mothaím féin gur chóir leithéidí na leadóige agus an ghailf agus an tsacair a fhágáil i leataobh feasta maidir leis an oilimpiad de.

Bíonn a sáith airde orthu ó cheann ceann na bliana, gach bliain, agus ba chóir gur cheiliúradh iad na Cluichí Oilimpeacha ag na spóirt eile nach bhfuil a oiread airgid ag dul leo ná a oiread daoine ag cuir suime iontu ach go bhfuil na daoine a ghlacann páirt iontu lán chomh sciliúil, chomh díograiseach agus chomh haclaí leis na mór-réaltaí domhanda a bhíonn i mbéal an phobail i rith ama.

Agus ós ar airgead a tharraing mé an scéal… ceist arbh fhiú dearcadh go beacht uirthi, ar chóir do leithéidí na Brasaíle – tír a bhfuil fadhbanna móra eacnamaíochta acu – bheith ag caitheamh suimeanna dochreidte airgid ar óstáil ócáid spóirt nach maireann ach cúpla seachtain?

Ar tháinig aon bhuntáiste buan eacnamaíochta dá barr?

An ‘turas ego’ a bhí ann ag réimeas reatha na tíre?

Tuigim gur chóir go mbeadh faill ag gach tír agus gach cuid den domhan na hócáidí móra spóirt seo a óstáil ach níor chóir go mbeadh bunadh na dtíortha sin thíos leis.

Más mian leis an domhan thiar na cluichí seo a bheith ar siúl i gcodanna den domhan atá i mbéal forbartha, nár chóir dóibh cuid den mhaoiniú a chur ar fáil chuige sin?

Cad iad na buaicphointí, mar sin de?

Bíonn a gcuid féin ag gach duine, ar ndóigh, agus braitheann sé sin go mór ar an tír arbh as iad.

Ach agamsa, mar Éireannach ar ndóigh, las na deartháireacha Ó Donnabháin ár gcroí, chan é amháin leis an bhonn airgid a ghnóthaigh siad ach leis an ghreann, an umhlaíocht agus an chraic a bhí acu i rith ama.

Ar an drochuair, amach ó Annalise Murphy is beag ábhar eile ceiliúrtha a bhí ag na Gaeil.

De ghnáth, tig linn bheith ag brath ar na dornálaithe beagán den ghlór, agus den bhród, a chur inár láthair ach ní mar a síleadh a bhíothas i mbliana.

Katie Taylor agus Mick Conlon is mó a bhain mealladh asainn.

Chaill siad seo beirt fiú sular shroich siad na babhtaí leathcheannais amach agus bhíothas ag dúil go raibh bonn de shórt éigin i ndán dóibh.

Agus ba í sin an chéad eachtra a bhí ina chnámh spairne.

Ba léir do chách, go háirithe i gcás an Chonluanaigh, go raibh an babhta bainte aige.

Ach thug na breithiúna dá chéile comhraic é.

Na breithiúna céanna, tugadh bata is bóthar dóibh ina dhiaidh sin agus b’ionann sin is a admháil go raibh brachán déanta acu den bhreith.

Buille mall, mar a déarfá, do Mhicheál bocht!

Ach tríd is tríd is dócha gur chóir díriú ar ghnéithe dearfacha na gcluichí.

Agus is beag duine atá chomh dearfach le Usain Bolt!

Le bás Muhammad Ali i mbliana, deirtear gurb é an rábálaí Iamácach an phearsa spóirt is mó gnaoi ar domhan. Ní nach ionadh.

Ní hé amháin gurb é an fear is gasta rith ar an phláinéad é ach tá trí bhonn órga buaite aige trí huaire i ndiaidh a chéile ag na cluichí Oilimpeacha.

Ach an ní is tábhachtaí den iomlán, dar liom, go ndéanann sé seo uilig go léir agus meangadh mór gáire ar a bhéal, gan aon uabhar, ná éirí in airde, ná sotal.

Eiseamláir do lucht spóirt ar fud an domhain.

Close
Close