Dorman san áit cheart ag an am ceart

Dorman san áit cheart ag an am ceart

Conall Ó Máirtín

UCC 0-10

UUJ 0-9

Chuaigh Baile Shiurdáin isteach chuig an chluiche ceannais seo agus na réaltaí móra ar fad acu: Niall McKeever tar éis pilleadh ar ais ón Astráil, Jamie Clarke sa bhaile óna thuras féin i Meiriceá, Mattie Donnelly i mbarr a réime le Tír Eoghain agus Kieran Hughes, buaiteoir Chraobh Uladh le Muineachán i mbliana.

In ainneoin na réaltaí agus an comórtas sa ghairdín cúil acu, áfach, ní raibh UUJ ábalta foireann Ollscoil Chorcaí a bhualadh i gCluiche Ceannais Chorn Mhic Shigiúir.

Mar a tharlaíonn le Corn Mhic Shigiúir atá imrítear de ghnáth san aimsir is measa den bhliain – agus b’amhlaidh an scéal i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine – ní bhíonn clár an scóranna ar maos ag deireadh cluiche.

Roimh an chomórtas seo ní raibh mórán ag tabhairt seans do UCC ach leis na gunnaí móra as an reicneáil – DCU, UCD, Maigh Nuad uilig curtha den chomórtas, bhí deis iontach ag réaltaí UUJ an corn is tábhachtaí i bpeil na hollscoile a bhaint i dteach a sean-naimhde QUB.

Ach bhí an lá leis na híochtaráin agus d’imigh siad ó dheas leis an Chorn don aonú uair is fiche agus éacht eile bainte amach ag laoch Chorcaí Billy Morgan.

Thosaigh UUC an cluiche ceannais i bhfad níos gaiste ná UUJ agus chuaigh siad chun tosaigh 0-6 0-2 ag leath-am. D’aimsigh Conor Cox cúig cinn de na cúilíní seo.

Ba léir go raibh comhthuiscint agus meon foirne i bhfad níos láidre ag UCC.

Bhí deacrachtaí ag UUJ in éadan na gaoithe agus ní bhfuair siad pointe ar bith ar chlár na scóranna go dtí fiche bomaite sa chluiche nuair a d’oscail Mattie Donnelly a chuntas tar éis gluaiseacht iontach idir é féin agus Ronan O’Neill.

Ní raibh mórán den tuairim go raibh bearna mór go leor cruthaithe ag foireann Billy Morgan leis an ghaoth sa chéad leath agus cé go raibh na ballaí á dtógáil de na seomraí feistis ag leath-am ag bainisteoir UUJ Adrian McGuckian agus é ag iarraidh na trúpaí a spreagadh, níor éirigh níb fhearr le UUJ ag tús an dara leath.

Arís bhí meon imeartha agus foirne i bhfad níos fearr ag UCC agus bhí siad ábalta an liathróid a choinneáil sna lámha in éadan na gaoithe agus le fiche bomaite fágtha sa cluiche bhí siad chun tosaigh 0-9 0-2.

Sheas lár na páirce agus líne leathchúil UCC amach le Ian McGuire, David Nation, Tom Clancy agus Conor Dorman iontach ag iompar na liathróide chun tosaigh.

Ach leis an cheathrú deireanach den chluiche, mhúscail an fathach.

Thosaigh imreoir Thír Eoghain, Conor McAliskey, an teacht ar ais le cúilín sa 44ú bomaite.

Lean buachaillí Mhuineacháin Kieran Hughes agus Rory Beggan an sampla seo le péire de phointí agus, le réalta eile Thír Eoghain, fear na hÓmaí Ronan O’Neill ag caitheamh isteach ceithre phointe, bhí gach cuma ar an scéal go raibh UUJ le croíthe na reibiliúnaithe a bhriseadh.

Caithfidh go raibh casúr sa bhróg ag O’Neill leis na foirne a chur ar comhscór le dhá bhomaite le dul sa chluiche le hollphéist de chúilín ó 40 méadar.

Agus cumhacht na gaoithe ag UUJ shíl tromlach an tslua a bhí i láthair ar bhóthar Mhaigh Luain go raibh an rás rite ag UCC.

Shíl Conor Dorman a mhalairt áfach agus le bomaite le dul sa chluiche seo d’aimsigh sé an scór cinniúnach leis an bhua a thabhairt do UCC.

Caithfidh gur shíl UUJ go raibh obair na gcapall déanta acu nuair a chuir siad an phluid ar iarracht Conor Cox ach bhí sé ábalta an liathróid a thabhairt d’fhear Bhaile an Easpaig Dorman agus lena dheasóg chuir siad an liathróid idir na maidí.

Níor fágadh ansin do chaptaen UCC Paul Geaney ach an jab is éasca don lá – Corn Mhic Shigiúir a thógáil agus tús a chur leis an cheiliúradh.


Scórálaithe – UCC: C Cox (0-6, 0-5 ciceanna saoire), T Clancy, L Connolly, M Quinlivan, C Dorman (0-1 an duine).

Scórálaithe – UUJ: R O’Neill (0-4, 0-2 ciceanna saoire), K Hughes (0-2), R Beggan, M Donnelly, C McAliskey (0-1 an duine).

UCC: B Kelly; D Culhane, E O’Mahony, F McNamara; C Dorman, T Clancy, B Shanahan; D Nation, I McGuire; S Keane, L Connolly, B O’Driscoll; C Cox, M Quinlivan, P Geaney.

Fir Ionaid: S Kiely do Nation (36), E Healy do Keane (46).

UUJ: R Beggan; D McNally, C McKaigue, B Tierney; L Keaney, C Walshe, K Clarke; M Donnelly, N McKeever; D Savage, R O’Neill, K Hughes; C McAliskey, C O’Boyle, J Clarke.

Fir Ionaid: K McKaigue do McNally (26), P Devlin do Savage (46), R Donnelly do McAliskey (50).

Réiteoir: J McQuillan (An Cabhán)

Close
Close