Dearadh Úr do Pháirc Mhic Asmaint

2013 an bhliain dheireanach a úsáideadh Páirc Mhic Asmaint in iarthar Bhéal Feirste. Ó shin tá conspóid mhór timpeall phleananna le staid iomlán úr a thógáil ar an láthair.

Thosaigh Comhairle Uladh CLG ar phleananna a chur le chéile don staid úr sa bhliain 2012.

Bhí imní ar chónaitheoirí áitiúla áfach agus fearg orthu nach raibh go leor cainte eatarthu féin agus Comhairle Uladh, dar leo.

An imní is mó a bhí ag na cónaitheoirí faoi phleananna molta na staide ná an airde agus cé chomh cóngarach is a bheadh sé dá gcuid tithe. Bhí imní orthu fosta faoin bhrú tráchta agus iompar frithshóisialta sa cheantar dá mbeadh 38,000 duine ag teacht chuig cluiche peile nó ceolchoirm sa pháirc.

Cuireadh cead pleanála na staide ar ceall sa bhliain 2014 mar gheall ar agóid na gcónaitheoirí.

Ach tá Comhairle Uladh CLG tagtha ar ais anois le pleananna úra do Pháirc Mhic Asmaint in Iarthar Bhéal Feirste. Plean do staid le háiteanna do 34,500 duine atá ann, áit seasaimh do 8,500 san áireamh.

Tá an staid í féin anois níos lú ná mar a bhíodh sí sna chéad phleananna; 12m níos ísle ag an phointe is airde.

D’eisigh CLG Uladh an dearadh úr do Pháirc Mhic Asmaint i Muileann Mhic Con Bhuí an tseachtain seo a chuaigh thart agus bhí cruinnithe ar siúl acu in áiteanna éagsúla don phobal leis na pleananna úra a phlé.

Deir Comhairle Uladh go mbeidh siad sásta éisteacht le tuairimí na gcónaitheoirí agus aon athruithe gur féidir ag an staid seo a chur i bhfeidhm sula gcuireann siad iarratas cead pleanála isteach roimh dheireadh na bliana.

Labhair Meon Eile le cuid de chónaitheoirí na háite chun a gcuid tuairimí a fháil ar an phlean úr do Pháirc Mhic Asmaint.

Dearadh Úr do Pháirc Mhic Ásmaint
Close
Close