Cuimhní Craoibhe - An Dún sna 60í

Cuimhní Craoibhe - An Dún sna 60í

Tá an físeán deiridh inár sraith, Cuimhní Craoibhe, buailte linn agus cluiche ceannais chraobh na peile ar siúl Dé Domhnaigh seo.

Inniu amharcann Maurice Hayes siar ar fhoireann iomráiteach an Dúin ó na 1960í. B’iad an chéad fhoireann ó na sé chontae le Sam a bhuachan, sa bhliain 1960, agus Ciarraí buailte acu sa chluiche mór.

Thóg siad an Chraobh arís in 1961 os comhar an tslua ba mhó ariamh a d’fhreastail ar chluiche ceannais na hÉireann. 90,556 duine a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh nuair a tháinig an Dún ó sé chúilín ar gcúl i gcoinne Uíbh Fháilí leis an chraobh a thógáil le haon phointe amháin.

Theip ar an chontae i gcraobh Uladh in 1962 agus iad ar lorg an tríú craobh as a chéile. Tharraing stíl imeartha agus cur chuige an Dúin aird an phobail agus foirne iomráiteacha ón Chabhán, Ciarraí, Uíbh Fháilí agus Gaillimh curtha go droim seoil acu.

Tá leithéidí James McCartan, Paddy Doherty, Joe Lennon, Patsy O’Hagan agus Kevin Mussen luaite i measc laochra peile na cúige. Bhí cuid de na fir chéanna ar an fhoireann a thóg leo Sam don tríú huair in ’68.

Is cuid de bhéaloideas CLG é plean cúig bliana an chontae le SAM a bhaint. Bhí Maurice Hayes mar fhear cóiriúcháin le linn na tréimhse seo ag cinntiú go raibh an chuid ab fhearr ar fáil d’imreoirí an chontae.

Seo cuimhní s’aige ar an fhoireann chlúiteach seo…

Cuimhní Craoibhe – Maurice Hayes

Tá na grianghraif san fhíseán thuas á n-úsáid faoi dhearbhú na húsáide cothroma agus ceadúnas Creative Commons. Gabhaimid buíochas leis an Chumann Luthchleas Gael, CLG Uladh, Michael McGonagle, Kenneth Allen, Rallyretro, Derbhla S agus John H. Nolan,, Gwen4435 agus Tolivero.

Close
Close