Craobhchomórtas Liathróid Láimhe an Domhain

Craobhchomórtas Liathróid Láimhe an Domhain
Craobhchomórtais Liathróid Láimhe an Domhain / Sarah de Búrca

Bíonn Craobhchomórtas Liathróid Láimhe an Domhain ar siúl gach tríú bliain. I mbliana tá sé ar siúl i mBaile Átha Cliath agus is in Óstán an City West atá sé ar fad ag tarlú.

Is tionól lúthchleasa faoi leith atá ann agus tá daoine ar fud an domhain tar éis teacht go hÉirinn chun páirt a glacadh sna comórtais.

Bhí Liathróid Láimhe CLG na hÉireann an-ghnóthach le tamall anuas ag eagrú na hócáide speisialta seo. Tógadh dhá chúirt liathróid láimhe is fiche chun an comórtas seo a reachtáil.

I measc na gcluichí ar fad bhí Craobhchomórtas Singil na mBan ar siúl Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair.

Cé go raibh mná as gach cearn páirteach sa chomórtas seo is beirt bhean ón chlub céanna i gcontae Aontroma a bhí sa chluiche ceannais; Aisling Reilly agus Fiona Shannon.

Bhí sárcluiche idir an bheirt acu. Bhain Shannon an chéad chluiche 21-9 ach lean Reilly ar aghaidh agus bhuaigh sí an dara cluiche 21-6. D’fhan Reilly chun tosaigh agus bhuaigh sí an cluiche réitigh 11-5.

Bhí Craobhchomórtas Singil na bhFear ar siúl ar an lá céanna. Bhí an tÉireannach Paul Brady ag imirt in aghaidh Luis Moreno ó Mheiriceá.

Bhí tús maith ag Moreno nuair a chríochnaigh an chéad chluiche 13-2 dó ach níor stop Brady ag troid agus d’éirigh leis teacht ar ais agus a cheathrú Chraobhchomórtas Damhanda a thabhairt leis.

Beidh Craobhchomórtais Liathróid Láimhe an Domhain ag críochnú i mbliana ar an Domhnach beag seo, an 21 Deireadh Fomhair agus is cinnte go mbeidh muintir na hÉireann an-bhródúil as na hiomaitheoirí ar fad.

Beidh an chéad Craobhchomórtas eile ar siúl i gCeanada sa bhliain 2015.

Close
Close