Comórtas Peile os cionn 30 i Ráth Cairn na Mí

An Ghaeltacht is giorra do Bhaile Átha Cliath is ea Ráth Cairn Glas na Mí. Reachtáladh lá spraoi don óige ann agus comórtas peile dóibh siúd os cionn 30 bliain d’aois ar na maillibh.

Thug Meon Eile cuairt orthu ar an lá, labhair muid le pobal na háite faoin cheantar agus faoin teanga. Insíodh dúinn nárbh í an teanga amháin atá ag mealladh na bhfear nach as Ráth Cairn dóibh chun na Gaeltachta…

Rath Cairn Peil / Shane O Curraighin

Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a bhog seacht gclann is fiche ó Chonamara go Contae na Mí. Thug Coimisiún na Talún teach, feirm agus ealllach do gach clann a thóg faoin aistear. Ba í an chéad uair sa phoblacht nua go ndearnadh iarracht Gaeltacht úr a chruthú.

Bhí ar phobal na háite fanacht go 1967 sular bhronn an Rialtas aitheantas oifigiúil Gaeltachta orthu, rud a tharla de thoradh fheastas Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta.

Tá an Ghaeilge mar theanga labhartha ag 52% de dhaonra an cheantair (Tuarascál Teangeolaíochta Údáras na Gaeltachta, 2006).

Close
Close