Coimhlint mhór Chúige Uladh

Coimhlint mhór Chúige Uladh

Damien Ó Dónaill

Tá Cluiche Ceannais Chúige Uladh socraithe anois don 20ú Iúil agus tá a fhios againn go mbeidh Dún na nGall sa chluiche ceannais i ndiaidh bhua an Domhnaigh.

Tá peileadóirí den scoth ag Aontroim ach is cosúil nach féidir leo imirt le chéile mar fhoireann amháin.

Ach bheadh misneach agam go mbainfeadh Aontroim craobh Uladh taobh istigh de chúig bliana ach caithfidh siad tarraingt le chéile mar aonad agus a gcroí agus a n-anam a thabhairt don fhoireann Chontae.

Tá éacht déanta ag foireann Shéamuis Mhig Aonghusa ó ceapadh é mar cheannródaí ar Fhoireann Peile Dhún na nGall. Is maith is cuimhin linn uilig an chéad chluiche sin a d’imir siad sa chraobh faoi stiúir Shéamuis Mhig Aonghusa i 2011 in éadan fhoireann Aontroma.

Bhí an cluiche sin ar cheann de na cluichí is measa dár imríodh riamh i gcraobh Uladh ach níor chuir sin isteach ná amach ar fhoireann Thír Chonaill, mar go raibh an bua faighte acu sa Chraobh agus go raibh réabhlóid na peile Gaelaí ar obair i nDún na nGall.

Chuaigh Dún na nGall ar aghaidh an bhliain sin chomh fada le craobh Uladh agus fuair siad lámh in uachtar ar fhoireann Dhoire.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tá Dún na nGall ar ais i gCraobh Uladh arís. Tá dhá chraobh Uladh buaite acu ó shin agus níl caillte acu ach cluiche amháin i gcraobh Uladh le ceithre bliana agus tharla sin anuraidh in éadan fhoireann láidir Mhuineacháin.

Éacht nach beag ag foireann peile a bhí mar ábhar magaidh ag an chuid eile den tír le fiche bliain anuas.

Ní nach ionadh go bhfuil seans maith ann gur Muineacháin a bheas i gcoinne Thír Chonaill i mbliana i gCluiche Ceannais Chúige Uladh.

Ach beidh bunadh Ard Mhacha muiníneach go leor go mbeidh siad ábalta Muineacháin a bhuaileadh i gcluiche leathcheannais na cúige.

Tá an ghaoth sna seoltaí anois ag Ard Mhacha i ndiaidh daofa greadadh a thabhairt don Chabhán i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe.

Bhí marfach ag tús an chluiche sin agus chuidigh sin go mór le fir Ard Mhacha mar go bhfuil siad breá crua, láidir agus dá mbeadh ciall ag duine ní rachadh sé chun spairne leo.

Ach sin mar a tharla agus tá £5000 punta le híoc ag an dá fhoireann anois mar gheall ar an amaidí a bhí ar bun acu roimh an chluiche.

Shíl mé gurb iad na hAontachtaithe i gCúige Uladh an t-aon dream a bhí buartha fá bhrait.

Is cuma le hArd Mhacha anois, tá siad ag ullmhú do chluiche leathcheannais Chúige Uladh in éadan bhuaiteoirí na bliana anuraidh, Muineachán.

Cluiche suimiúil a bheas ann nuair a rachaidh an dá fhoireann sin in adharca le chéile.

Tá Muineachán ag neartú arís i mbliana agus déarfainn go raibh siad mí-shásta nár éirí leo a dhul níos faide i gcraobh na hÉireann anuraidh.

Beidh Ard Mhacha ag dréim le Muineachán a bhuaileadh ach tá eagla orm go mbeidh Muineachán rómhaith acu.

Tá Conor Mac Mánais ar ais arís ag Muineachán agus bheadh an deis aige cúpla seachtain traenála a bheith aige sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Ard Mhacha.

Tá a fhios agam go bhfuil na Conallaigh uilig ag iarraidh Muineachán a mbealach a dhéanamh go cluiche ceannais an chraoibhe i ndiaidh an ghreidimín a thug siad do Dhún na nGall anuraidh.

Bhí foireann Thír Chonaill ar leathchois anuraidh agus tá na himreoirí mór le rá ar ais acu agus geimhreadh crua traenála curtha isteach acu.

Bheadh an tír uilig ag súil go mór leis an chluiche sin má éiríonn le Muineachán an bua a fháil ar Ard Mhacha.

Ní bheidh móran idir Ard Mhacha agus Muineachán ach sílim go mbeidh fir Mhalachaí Uí Ruairc ró-láidir ag fir Ard Mhacha ach i ndiaidh don Longfort an bua a fháil ar Dhoire ar an Satharn ní chuirfeadh sé lá iontais orm dá mbuailfeadh Ard Mhacha iad.

Is é sin an difear idir craobh Uladh agus Cúige ar bith eile. Tá ceithre nó cúig fhoireann lán ábalta é a bhaint ach i mbliana sílím go dtiocfaidh na Conallaigh ar ais go láidir i ndiaidh na drochbhliana a bhí acu anuraidh.

Tá mo chroí agus mo chloigeann ag rá go mbainfidh Dún na nGall Craobh Uladh i mbliana. Ach ag Dia atá a fhios, níor mhaith liom geall a chur ar chluiche ar bith i gcraobh Uladh. Gan aon dabht, an cúige is láidre ó thaobh na peile de in Éirinn.

Close
Close