Cluiche Ceannais na hÉireann an sprioc ag iománaithe Bhóthar Seoighe

Cluiche Ceannais na hÉireann an sprioc ag iománaithe Bhóthar Seoighe

Uair an chloig atá idir iománaithe Chumann Uí Dhonnabháin Rosa as Béal Feirste agus Cluiche Ceannais Idirmheánach na hÉireann.

Dé Sathairn seo rachaidh iománaithe Bhóthar Seoighe i mbun comhraice le Ceapach Choinn as Port Láirge sa chluiche leathcheannais ar an Mhuileann gCearr.

Tá Craobh Uladh faoi ascaill na bhFeirsteach chéana agus Eoghan Rua Chúil Raithin, An Céide as Ard Mhacha agus Beart as Tír Chonaill curtha go droim seoil acu roimh an Nollaig.

Ba í 1989 an bhliain dheireanach inar bhain Ó Donnabháin Rosa cluiche ceannais iomána na gclubanna amach. Naonúr a tháinig trí chóras na Gaelscolaíochta ata ar phainéal na foirne faoi láthair.

Chaith Meon Eile oíche i gcuideachta na foirne agus iad i mbun traenála do chluiche an tSathairn.

Iománaithe Ó Donabháin Rosa i gcluiche leathcheannais na hÉireann
Close
Close