Cúis cheilúrtha agus na Niallaigh ar an mháirseáil

Cúis cheilúrtha agus na Niallaigh ar an mháirseáil

Ian Malcolm

Gabh mo leithscéal má tá fonn ceoil orm ar feadh meandair…

‘Ní Sinne an Bhrasaíl ach Tuaisceart Éireann,

Ní Sinne an Bhrasaíl ach Tuaisceart Éireann…’

Tá mé cinnte go bhfuil an chuid eile den amhrán deas sin agaibh – níl na liricí ar na cinn is deacra dá bhfuil ann!

Cosúil lena lán, tá spion maith orm tar éis gur bhain foireann sacair Thuaisceart Éireann comórtas mór idirnáisiúnta amach den chéad uair le 30 bliain.

Aisteach go leor, nuair a bhí leaids na ngeansaithe glasa ag tabhairt basctha do na Gréigigh ar Pháirc Windsor, bhí mise cúpla mile ón staidiam – ag teagasc Gaeilge do thosaitheoirí ar an tSruthán Milis.

Nach ait an mac é an saol!

Faoin am ar bhain mé an carr – agus an raidió – amach bhí Tuaisceart Éireann 3-0 chun cinn agus áit i gCraobhchomórtas na hEorpa 2016 curtha in áirithe acu.

Ní ábhar mór iontais, mar sin, gur lig mé scread beag lúcháire asam.

Chuaigh siad isteach sa chomórtas cáilíochta mar an chúigiú rogha agus gan seans ar bith acu in éadán na Gréige, ha hUngáire agus na Rómáine, dar leis na saineolaithe, a bhí den bharúil nach raibh siad ach ag déanamh suas na n-uimhreacha.

Nach orthusan a bhí an dul amú! Agus ní hamháin sin – chríochnaigh Tuaisceart Éireann ar bharr an tábla – toradh a bhí doshamhlaithe ag tús an chomórtais cháilíochta.

Fhad is a bhí Tuaisceart Éireann ag fáil an ceann is fearr ar an Ghréig (a raibh a gcuid sacair chomh holc leis an gheilleagar s’acusan, i bhfírinne), bhí an Phoblacht ar an bhealach go bua stairiúil i gcoinne na Gearmáine, curaidh reatha na cruinne.

Ina ainneoin sin, níl siad fríd go fóill mar gheall ar an chailleadh thall in Warsaw na Polainne Dé Domhnaigh agus beidh stró is strus na gcluichí réitigh rompu sula mbeidh siad in ann clárú don oll-choisir sacair ins an Fhrainc an bhliain seo chugainn.

Is tacadóir an Tuaiscirt mé go smior, ach tá súil agam go bhfaighidh an Phoblacht an ticéad chun na Fraince chomh maith – agus measaim go mbeidh an chuid is mó de mo leithéid ó thuaidh ar aon intinn liom fá sin.

Ach tá gné eile ag an scéal chomh maith, mar atá máirseáil na Niallach.

Comhtharlú, b’fhéidir, ach beirt Tuaisceartach atá ann leis an tsloinne chéanna, mar aon le cúlra láidir i gcúrsaí CLG.

Is é Micheal O’Neill laoch an Tuaiscirt agus is mór an méid atá déanta ag Martin O’Neill (iar-imreoir TÉ) ó dheas.

Táthar ann a bheadh ag cur i gcuimhne dúinn gur Caitlicigh iad chomh maith!

An bhfuil sé sin tábhachtach?

Níl, a déarfainn, ach i gcomhthéacs an Tuaiscirt tá sé suntasach i ngeall ar an atmaisféar nimhiúil a bhain le cúrsaí sacair ó na 70í go dtí na 90í, nuair a rinne daoine iarrachtaí an spórt a cheangal leis an pholaitíocht.

Níor éirigh leo ach go pointe agus is fiú a bheith buíoch nár bhain lucht an fhuatha an duais ghránna a bhí ar intinn acu le linn laethanta sin an tsuaite.

Tá na hamanna sin imithe agus ní miste liom a rá go bhfuil an spórt níos sláintiúla anois ná mar a bhí riamh ó thuaidh. Tá ardmholadh tuillte ag an IFA (an foras sacair ó thuaidh) as a bhfuil déanta aige ó thaobh for-rochtána de.

Tá siad gníomhach i scoileanna ar an dá thaobh, ag tabhairt le fios go mbaineann sacar – agus foireann an Tuaiscirt – le gach aon duine, beag beann ar chúlra nó ar chreideamh.

Tá bláth ag teacht ar an tsaothar seo – féach ar an fhoireann a thug greadadh do na Gréigigh. Protastúnaigh agus Caitlicigh ag imirt le chéile, ag iompar bhrat an tsacair faoi stiúradh sciliúil Michael O’Neill.

Ní raibh ‘brat’ fealsúnachta nó polaitíochta acu. Ba é an ‘cluiche álainn’ a thug le chéile iad.

Ní dhéanfadh sé dochar tagairt bheag a dhéanamh do lucht rugbaí na hÉireann agus an t-éacht a rinne siad sa chluiche gharbh ghontach sin i gcoinne na Fraince. Mar gheall ar a ngaiscíocht, seachnófar an Nua-Shéalainn sa bhabhta cheathrú-ceannais.

Ardaíonn sé sin an tseancheist achrannach – ós rud é go ndéanann foireann aontaithe na hÉireann chomh maith sa rugbaí, nár choir an córas céanna a bheith sa tsacar?

Ní réiteofar an ceann sin inniu ná amárach ach is é an teoiric atá agam ná gur fearr i bhfad an dá fhoireann sacair a bheith againn.

Ar chúis an-bhunúsach ar fad: mar imreoir óg tréitheach, is mó seans a bheadh agat imirt ar an stáitse is mó.

Agus foireann amháin ann, bheadh leathchuid de na himreoirí cróga a chloígh na Gréigigh agus na Gearmánaigh fós ag maireachtáil gan fhios don tsaol lena leithéidí Hamilton Academicals, Port Vale nó Milton Keynes Dons.

Anois, bímis ag ceiliúradh an ratha s’againne ar an pháirc imeartha – thuaidh agus theas.

Mar a dúirt mé, tá súil agam go n-éiríonn le foireann Martin O’Neill cáiliú don chraobhchomórtas fosta – ach muna dtarlaíonn sé sin, a chairde ó dheas, ná bíodh leisce ar bith oraibh tacú linnse anseo ó thuaidh.

Chuile dhuine le chéile anois…

‘Ní Sinne an Bhrasaíl ach Tuaisceart Éireann,

Ní Sinne an Bhrasaíl ach Tuaisceart Éireann…’

Close
Close