Cá rachaidh Craobh Uladh i mbliana?

Cá rachaidh Craobh Uladh i mbliana?

Beidh coimhlint fhíochmhar i gCraobh Peile Uladh nuair a rachaidh Tír Eoghain agus Doire in adharca a chéile an deireadh seachtaine seo.

Ceithre huaire a d’imir an dá fhoireann a chéile i mbliana; bhí Contae na Láimhe Deirge in uachtar achan uair. Is iad rogha na coitiantachta arís ach beidh fir Dhoire ar a ndícheall an treocht a athrú.

Le roinnt blianta, aithnítear Craobh Uladh ar an chraobh is iomaíche, is déine agus is teasaí sna ceithre chúige. Idir Dún na nGall agus Muineachán a bhí Corn Anglo-Celt le cúig bliana, ach tá caint mhór ar athruithe i mbliana!

Chuaigh Meon Eile chun sráide an tseachtain seo agus labhair muid le lucht leanúna peile faoi na tairngreachtaí craoibhe…

Craobh Uladh
Close
Close