Ar chúl an cheamara - le Dara Ó Cinnéide

Ar chúl an cheamara - le Dara Ó Cinnéide

Inniu ar Meon Eile tá tús á chur le sraith nua darb ainm ‘Ar chúl an cheamara’.

Gach Céadaoin go ceann trí seachtaine beidh ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ag cur níos mó aithne ar dhaoine mór le rá i saol na Gaeilge.

Inniu tá Seán i stiúideo TG4, i mBaile na hAbhann, agus é i gcuideachtas Dhara Uí Chinnéide.

Is as an Daingean i gCorca Dhuibhne é Dara agus clú mór air mar pheileadóir.

Tá Dara ag imirt peil Ghaelach ó bhí sé ina ghasúr óg.

Tá trí bhonn Uile-Éireann aige agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuach Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann in 2004.

Tá Dara anois ag baint a shlí bheatha amach sna meáin.

Bíonn Dara le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ar an chlár ‘An Saol ó Dheas’ agus is é an príomhláithreoir ar an chlár seachtainiúil CLG ‘Seó Spóirt’ ar TG4.

Is colúnaí é leis an nuachtán an Irish Examiner agus le feiceáil go minic ar an chlár teilifíse ‘The Sunday Game’ ar RTÉ chomh maith.

Ar chúl an cheamara - le Dara Ó Cinnéide
Close
Close