CLG & an Ghaeilge

Bhí seimineár speisialta ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar na mallaibh inar pléadh an ceangal idir an Ghaeilge agus Cumann Luthchleas Gael.

Is ag an ócáid seo a d’fhógair Uachtarán CLG, Aogan Ó Fearghail, go mbeadh post úr le cruthú acu go luath: Oifigeach Gaeilge Pháirc an Chrócaigh.

Ag labhairt os comhair an scaifte a bhí i láthair, dúirt Ó Fearghail go mbeadh an té a cheapfar ábalta “tacaíocht” agus “comhairle” a chur ar bhainistíocht agus ar oifigigh an chumainn le daoine a ghríosú níos mó Gaeilge a labhairt.

Is iad Glór na nGael a d’eagraigh an seimineár i gcomhpháirt le CLG mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

I measc na gcainteoirí eile a bhí ann ar an lá bhí Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an staraí, Paul Rouse, Pádhraic Ó Ciardha ó TG4 agus iar-chaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide.

Close
Close