An bhfuil an 'Gael' imithe ó Chumann Lúthchleas Gael?

An bhfuil an 'Gael' imithe ó Chumann Lúthchleas Gael?

An bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag tréigean theanga na nGael? Thóg Meon Eile an deis an cheist chéanna a chur ar bheirt atá sáite sna cluichí Gaelacha ar feadh a saoil.

Is cinnte gur chuala gach Gael agus a máthair faoin ghearán oifigiúil a rinne cumann Gaeltachta, Na Piarsaigh as Ros Muc, faoin réiteoir agus an eachtra líomhainte i Ros an Mhíl.

Deirtear gur iarr an réiteoir ar bhaill an chumainn gan an Ghaeilge a úsáid le linn cluiche craoibhe de chuid CLG i nGaeltacht na Gaillimhe.

Is é ceann de mhór-aidhmeanna oifigiúla CLG ná cur chun cinn ár gcluichí náisiúnta, chun “tacú go gníomhach leis an nGaeilge agus cultúr na hÉireann”.

An amhlaidh an scéal seo go fóill sa lá atá inniu ann áfach agus ionadaí ó CLG ag cur cosc ar an Ghaeilge ag cluiche craoibhe sa Ghaeltacht féin?

An bhfuil an ‘Gael’ imithe ón Chumann Lúthchleas Gael?
Close
Close