Ag imirt Ultimate

Ag imirt Ultimate
Ultimate Frisbee
Ultimate Frisbee

Katie McGreal

Bhí deireadh seachtaine gnóthach i gCill Chainnigh agus Craobhchomórtas na Scoileanna Laistigh Uile-Éireann d’Ultimate Frisbee ar siúl ar an Domhnach seo caite.

Ghlac 13 foireann ó chúig scoil páirt ann, dhá Ghaelcholáiste ina measc, ach déarfainn nach raibh mórán cliú ag an chuid is mó de dhaoine sa chathair go raibh sé ar siúl.

Tháinig Ultimate Frisbee go hÉirinn i 1995 nuair a bhí mic léinn ar cuairt i gColáiste na Tríonóide. Thóg sé tamall chun an spórt a fhás – i 1998 bhí sé deacair teacht ar fiú 10 imreoir le cluiche cúigear an taobh a imirt.

Ach anois bíonn comórtais náisiúnta agus réigiúnacha ar siúl gach bliain, tá thart ar 13 club Ultimate Frisbee sa tír agus imríonn gach ollscoil, an-chuid Institiúidí Teicneolaíochta agus neart coláistí.

Tá thart ar 400 duine in Éirinn anois a ghlaonn imreoir Ultimate orthu féin agus thart ar 150 duine eile a d’imir comórtas nó dhó.

Ach céard é Ultimate Frisbee, seachas cúpla duine ag caitheamh Frisbee eatarthu?

Is spórt é a imrítear taobh istigh le cúigear ar gach foireann agus taobh amuigh le seachtar ar gach foireann.

Imríonn dhá fhoireann in aghaidh a chéile agus bíonn Frisbee nó diosca amháin ann.

Níl cead agat rith nuair atá an diosca agat agus ní féidir leis an bhfoireann eile corptaicleáil (physical tackle) a dhéanamh ort. Nuair atá an diosca agat bíonn 10 soicind agat lena chaitheamh.

Bíonn an bua ag an bhfoireann le níos mó pointe. Tá endzone ag gach foireann – cosúil le peil Mheireánach – agus chun pointe a fháil caithfidh duine ón bhfoireann greim a fháil ar an diosca taobh istigh den endzone.

Thosaigh mé ag imirt Ultimate nuair a bhí mé san ollscoil. Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin spórt ná nach bhfuil réiteoir ann. Déanann na himreoirí a moltóireacht féin.

Bíonn na rialacha ar eolas acu ar fad agus má tá tú ag imirt agus síleann tú go bhfuil duine éigin ag déanamh rud éigin in aghaidh na rialacha, deir tú é.

Bíonn plé ann agus má ghlacann an duine eile leis an méid a deir a tú faigheann tú an diosca ach múna nglacann, téann sé ar ais go dtí an áit ina raibh sé sular tharla an feall líomhraithe.

Ciallaíonn an easpa réiteora agus an easpa airgid a bhaineann leis an spórt go n-imríonn gach duine ar mhaithe leis an spórt féin.

Glaotar ‘spiorad an spóirt’ air seo agus is rud chomh mór é go mbíonn duais ag neart comórtas don fhoireann, agus uaireanta don duine, a léirigh go raibh spiorad an spóirt acu.

‘Pick up’ agus ‘hat tournaments’ is iad rudaí eile ar bhain mé an sult astu. Is cluiche é ‘pick up’ ina dtéann aon duine atá saor go dtí páirc éigin agus imrítear cluiche Ultimate.

Is cuma cén fhoireann ina bhfuil tú nó cé chomh maith is atá tú is féidir le gach duine imirt ar mhaithe leis an gcraic.

I gcomhair ‘hat tournaments’, cuireann gach duine a ainm síos, gan aon fhoireann agus cruthaíonn na heagarthóirí foirne as na daoine sin.

Cuireann siad daoine nua le daoine atá ag imirt ar feadh tamaill ionas go dtiocfaidh feabhas ar na daoine nua.

Bíonn na imreoirí i gcónaí ag cabhrú a chéile.

Nuair a thosaigh mé ag imirt Ultimate i 2007, bhí neart daoine ag iarraidh an spórt a fhorbairt. Ag an am sin, ní raibh mórán deiseanna ag daltaí meánscoile Ultimate a imirt agus bhíodar ag iarraidh é sin a athrú.

Tá sé soiléir ón gcomórtas a bhí ar siúl i gCill Chainnigh ar an Domhnach gur éirigh go hiontach leo. Ghlac cúig scoil páirt ann agus tá thart 20 scoil eile atá ag imirt Ultimate nó a léirigh suim sa spórt.

Ghlac dhá Ghaelcholáiste páirt sa chomórtas; Coláiste Cholim i gCorcaigh agus Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh. Faoi láthair táthar ag caint agus ag obair ar Chomórtas Gaelscoileanna.

Táthar ag iarraidh go mbeadh go leor Gaelcholáistí ag imirt Ultimate ionas go mbeadh siad in ann comórtas lán-Ghaeilge a chur ar siúl.

Má tá éinne fiú fiosrach faoin spórt, molfainn go hard é. Má tá suim ag duine ar bith breis eolais a fháil faoi, téigh i dteagmháil le Dominick Smyth ag [email protected].

Craic iontach maith atá ann agus cuirtear fáilte mhór roimh thosaitheoirí i gcónaí. Tá sonraí breise ar fáil ar www.irishultimate.com chomh maith.

Close
Close