£10,000 scoláireachtaí Gaeilge ar tairiscint ag Ollscoil Uladh agus CLG Uladh

Tá scéim scoláireachtaí Gaeilge ar luach £10,000 seolta ag Comhairle Uladh i gcomhair le hOllscoil Uladh. Tá sé ina aidhm ag ‘Gaeilge sa Chlub’ baill na bhfo-chumann i gcúige Uladh a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

Suas le 30 scoláireacht atá ar fáil do bhaill CLG sa chúige le staidéar a dhéanamh ar dhioplóma páirtaimseartha sa Ghaeilge. I mBéal Feirste, Doire, Iúr Cinn Trá agus ar an Chorr Críochach atá an dioplóma á thairiscint. Seo ceathrú bliain na scéime atá oscailte d’fho-chumainn uile na cúige.

Labhair muid le foireann na hOllscoile agus le hUachtarán CLG Uladh, Michael Hasson, faoin scéim atá á tairiscint acu…

€10,000 Scoláireachtaí Gaeilge a thairiscint ag CLG Uladha agus Ollscoil Uladh

Tá gach eolas mar gheall ar na scoláireachtaí le fáil anseo.

Close
Close