‘Fearless’ i Halla na Cathrach

Eagraíodh oíche dhornálaíochta beo don chéad uair riamh i Halla na Cathrach, Béal Feirste, Dé Máirt 14 Bealtaine.

Bhí go leor dornálaithe mór le rá ag troid ar an oíche, Kevin O’Hara, Michael Kelly agus Mark McCullough ina measc.

Bhí an oíche speisialta seo ar fad ar son an laoich óig Oscar Knox. Is buachaill óg ceithre bliana d’aois as Béal Feirste é Oscar.

I mí Dheireadh Fómhair 2011 fuair a thuismitheoirí, Stephen agus Leona, an drochscéal go raibh ailse ar a mac óg.

Scaip an ailse agus i mí na Samhna 2011 bhí a fhios acu go raibh ailse neamhghnách, neuroblastoma, ar Oscar.

Throid Oscar in aghaidh na hailse, thaistil sé go SAM, áit a bhfuair sé cóir leighis.

‘Fearless’ i Halla na Cathrach / Sarah de Búrca

Bunaíodh an ‘Oscar Knox Appeal’ chun airgead a bhailiú ar son Oscar.

I mí Aibreán 2013 fuair Oscar agus a thuismitheoirí deascéal, is é sin go raibh an ailse ar fad imithe óna chorp.

Tá áthas an domhain orthu uile, chomh maith le gach duine eile a bhí ag leanacht chás Oscar.

Tá Oscar anois saor agus é ag baint suilt as a shaol ach, faraor, ta seans 50% go dtiocfaidh an ailse ar ais.

Is mar gheall air sin a eagraíodh Oíche Fearless i Halla na Cathrach – beidh maoiniú ann dó ar fhaitíos go bhfuil ar Oscar leigheas a fháil arís.

Close
Close