Ábhar dóchais ag Joe agus Éirinn

Damien Ó Dónaill

Bhí sioc, sneachta agus fearthainn i gcathair Bhaile Átha Cliath ar an Domhnach nuair a chas Éire ar an tsean-namhad Sasain i gcluiche iontach tábhachtach i gCorn na Sé Náisiún, ach in ainneoin na droch aimsire cibé gaoth a shéid, bhí sí sna seoltaí ag foireann Rugbaí na hÉireann. Chuir siad na Sasanaigh chun a’ bhaile agus iad briste, brúite, brónach.

Bhí sé ar cheann de na taispeántais is fearr a thug foireann na hÉireann le tamall agus tá siad ina suí anois ag barr na sraithe agus deis iontach acu craobh na Sé Náisiúin a bhaint i mbliana chomh maith leis an ‘Grand Slam’.

Is éacht iontach a bheadh ann dá n-éireodh le hÉirinn gach foireann a bhualadh i gCorn na Sé Naisiúin ach tá dúshlán nach beag rompu i gcoinne na Breataine Bige ar deireadh seachtaine na Féile Pádraig agus ansin beidh na hAlbanaigh ag fanacht leo ar an lá deireanach ach ní dhéanfaidh muid barraíocht cainte fá sin go fóill ná tá bua an Domhnaigh go fóill beo inár n-intinn.

Nuair a d’imir Brian O Driscoll a chluiche deireanach d’Éirinn, shíl an mhórchuid againn go mbeadh deacracht ag an fhoireann imreoir eile a aimsiú a bheadh leath chomh cumasach leis ach san Aviva ar an Domhnach, chonaic muid taispeántas ó imreoir eile a chuir deireadh leis na smaointe sin a bhí againn.

Bliain is fiche atá Robbie Henshaw agus é go fóill ag foghlaim na ceirde ach thug sé sárthaispeántas in éadan na Sasanach. Fuair sé úd den chéad scoth agus is cinnte nach de thaisme a tharla sé. Deir siad go ndéanann cleachtadh máistreacht agus is iomaí uair a cleachtadh an píosa imeartha sin ar na páirceanna traenála idir é féin agus Conor Murray.

Ní raibh Henshaw ach trí bliana déag an bhliain a dimir Éirinn in éadan na Sasanach i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair. Bhí Henshaw ina shuí sa bhaile le cupa tae agus é ag coimhéad ar an chluiche ar an teilifís. Is beag a shíl sé go mbeadh sé féin ag aimsiú úd in éadan na naimhde dornán blianta ina dhiaidh sin.

An rud a tchí leanbh ghní leanbh a deir siad agus bhí máistir maith ag Henshaw. Cé go raibh sé ar an bhinse taca le blianta, is iomaí lá a chaith sé ag foghlaim ón imreoir is fearr a d’imir d’Éirinn ariamh, mar atá Brian O’Driscoll. Roinn Brian a chuid ama go fial fairsing le Henshaw ag teagasc na ceirde dó agus tá a lorg sin le feiceáil anois.

Scoth imreora atá in Henshaw agus má choinníonn sé ag treabhadh agus ag feabhsú leis, ní i bhfad go mbeidh sé ar cheann de mhór imreoirí rugbaí an domhain. Tá rud amháin spéisiúil fá Robbie Henshaw, is boscadóir den scoth é agus is é an port sin ‘An Crúiscín Lán’ an port is fearr leis bheith ag seinm ar an bhosca ceoil.

B’fhéidir go mbeadh tuaim an bhosca cheoil le cloisteáil i staidiam na Mílaoise má éiríonn le hÉirinn in éadan na Breataine Bige, deireadh seachtaine ná Féile Pádraig.

Ag pilleadh ar chluiche an Domhnaigh, is cinnte go gcaithfidh Joe Schmit, bainisteoir na hÉireann a bheith iontach bródúil as a chuid fear. Choinnigh siad leis an phlean a bhí leagtha amach aige féin daofa agus d’imir siad le spiorad agus le brí, le misneach agus le fuinneamh, le díograis agus le dúchracht agus go háirithe d’imir siad lena gcroíthe.

Sin ráite, níor éirigh siad róthóghta mar gur choinnigh siad leis na pleananna a bhí cleachtaithe agus síorchleachtaithe acu le seachtain roimh ré le linn daofa bheith ag ullmhú i gcampa traenála i ‘Carlton House’ don chluiche mhór in éadan na Sasanach.

Bhí an cíocras sin le feiceáil iontu ar an lá . Bhí siad ag caitheamh a gcoirp ar achan liathróid a bhris ar shiúl as seilbh na Sasanach. Níor buaileadh Éire anois le deich gcluiche, fágann seo go bhfuil siad cothrom leis an aon fhoireann riamh de chuid na hÉireann ar éirigh leo deich gcluiche a imirt gan ceann ar bith a chailleadh.

Is Cuma cén sórt foirne ar éirigh go maith leo riamh bhí ceann feadhna éifeachtach ar pháirc na himeartha acu. Bhí Roy Keane ag Manchester United nuair a bhí siad i mbarr a maitheasa. Bhí Kieran Mc Geeney ag Ard Mhacha. Bhí Peter Canavan ag Tír Eoghain agus faoi láthair tá an t-imreoir is fearr in Éirinn ag Dún na nGall agus mar cheann ródaí acu chomh maith, is é sin Mícheal Ó Murchú.

Léiríonn sé go gcaithfidh captaen maith bheith ar an pháirc leis an fhoireann a stiúradh agus tá sin ag foireann Rugbaí na hÉireann faoi láthair i bhfoirm an Mhuimhnigh ábhalmhóir sin Paul O Connell. Fáthach fir atá ann agus scaródh sé an croí amach as imreoir ar bith a bheadh amaideach go leor a dhul chun spairne leis.

Thiocfadh dó gur imir O’Connell a chluiche deireanach san Aviva i gCorn na Sé Naisiúin in éadan na Sasanach ar an Domhnach. Dar leis féin go bhfuil sé ar intinn aige na bróga peile a chur ar shiúl i ndiaidh Chorn an Domhain.

Tá an ghaoth sna seoltaí ag foireann rugbaí na hÉireann faoi láthair agus tá rudaí móra i ndán daofa má éiríonn leo fanacht i mbarr a maitheasa agus feabhsú le gach aon chluiche. Is deas an rud go bhfuil Corn an Domhain ar na bacáin agus má choinníonn an fhoireann ag gabháil ó neart go neart idir seo agus sin, bheinn muiníneach go n-éireodh go maith le hÉirinn i gCorn an Domhain i mbliana.

Tá a sháith idir lámha ag Joe Schmit faoi láthair agus é ag ullmhú a fhoirne le greidimín a thabhairt den Bhreatain Bheag, go díreach mar a thug siad do Shasain. Go n-éirí leo!

Close
Close