An Ulpóg Astrálach - An Fliú is Measa le 50 Bliain

Is san Astráil agus sa Nua-Shéalainn a thosaigh an Ulpóg Astrálach sé mhí ó shin nuair a bhí an geimhreadh sa leathsféar theas.

Seandaoine go háirithe a d'fhulaing leis sna tíortha sin agus is amhlaidh atá ag tarlú anseo in Éirinn.

Deir saineolaithe gurb é an ráig is measa den fhliú sa tír seo le 50 bliain anuas.

Bhí líon na gcásanna den ulpóg in Éirinn ag tús na bliana 81% níos airde ná an t-am céanna anuraidh.

Thug os cionn 20,000 othar cuairt ar an dochtúir in Éirinn agus tá na céadta eile thíos leis an fhliú sna hotharlanna.

Agus tá eolaithe ag maíomh nach bhfuil ann faoi láthair ach tús réim na hulpóige seo.

Bhuail Meon Eile leis an Dochtúir Brendan Downey lena chomhairle a fháil dóibh siúd atá thíos leis an fhliú agus dóibh siúd atá i mbaol.

Close
Close