Turas - 5 bliana ar an fhód

Bhí ceiliúradh cúig bliana a bhunaithe ag an tionscadal Gaeilge Turas in oirthear Bhéal Feirste ar na mallaibh.

An aidhm atá acu ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Phrotasúntaigh agus iad siúd ó chúlra aontachtach.

Tá Turas suite san fhoirgneamh Skainos, atá á reáchtáil ag an eagraíocht East Belfast Mission ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda.

Tá breis agus 200 dalta cláraithe acu agus is léir ón atmaisféar a bhí ann ar an oíche go bhfuil an togra a dul ó neart go neart.

Tháinig cuid mhór daoine ón phobal amach ar an oíche agus bhain siad uilig sult mór as an imeacht agus as an Ghaeilge a chleachtadh.

Chomh maith le ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha a chur ar fáil do dhaoine sa cheantar, déanann Turas obair thrasphobail agus tá clár for-rochtana acu le scoileanna agus leabharlanna áitiúla.

Labhair Meon Eile le Linda Ervine a chuir tús leis an tionscadal, an t-oifeagach forbartha Gordon McCoy agus an dalta Leonard Reid faoina thaithí leis an Ghaeilge agus le Turas.

Close
Close