Turais as Gaeilge ar fáil timpeall uaigheanna Laochra Gael i nGlas Naíon

Is i Reilig Ghlas Naíon a luíonn na mílte Bleá Cliathach taobh le laochra na hÉireann, ina measc Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Charles Parnell agus Dónall Ó Conaill.

Ba é an Conallach a bhunaigh an reilig sa bhliain 1832 agus é ag iarraidh go mbeadh seirbhís cheart adhlactha ar fáil do na Caitlicigh a bhí go mór faoi smacht ag an am.

Amach as breis is milliún duine atá curtha i reilig Ghlas Naoin, is é uaigh Mhicheáil Uí Choileáin an ceann is mó a dtugtar cuairt uirthi.

Is cuma cén t-am den bhliain a dtugann tú cuairt ar a uaigh, beidh bláthanna uirthi. Tagann daoine as tíortha eile fiú le hómós a thabhairt dó.

Chuaigh muid ar cuairt chuig an reilig ar na mallaibh, áit ar chas muid ar an treoraí Paddy Gleeson. Fear atá paiseanta faoina chuid oibre agus a bhfuil cur amach iontach aige ar an stair a bhaineann leis an reilig agus iad siúd atá curtha ann.

Mar chuid de chéiliúradh Sheachtain na Gaeilge, seolfar leagan Gaeilge de threoirleabhar an mhúsaeim, rud a thabharfaidh deis do dhaoine iniúchadh a dhéanamh ar stair na reilige trí Ghaeilge.

Agus beidh na turais reilige ar siúl ag an deireadh seachtaine le linn Sheachtain na Gaeilge.

Tá gach uaigh i nGlas Naíon go díreach mar a bheadh caibidil as leabhar staire ann agus cé go bhfuil siad ina luí gan focal astu anois, tá siad beo trí mhacasamhail Paddy Gleeson atá ag roinnt a scéalta agus oidhreacht na reilige leis an phobal.

Reilig Ghlas Naíon
Close
Close