Sloinnte agus Logainmneacha na nGael

In amannaí déanann an tsochaí dearmad ar an oidhreacht ónar tháinig muid agus faoi dhéantús na timpeallachta thart orainn.

D’eagraigh Líofa imeacht cultúrtha i mBéal Feirste leis an phobal a chur ar an eolas faoicna fréamhacha ónar fhás sloinntí agus logainmneacha Chúige Uladh.

Timpeall 150 duine a d’fhreastail ar an ócáid in Amharclann an MAC. Labhair Aodhán Mac Poilín, Iontaobhas Ultach, Jake Mac Siacais, Forbairt Feirste, Jim Bradley, Compháirtíocht Shléibhte Bhéal Feirste agus William Crawley mar fhear an tí.

Seo chugaibh buaicphointí na cainte agus léargas ar chúlra sloinntí agus logainmneacha na cúige.

Sloinnte agus Logainmneacha 
Close
Close