Seoladh páirtnéireacht nua idir Líofa agus CLG

Seoladh páirtnéireacht nua idir Líofa agus CLG

Tá comhghuaillaíocht nua seolta idir Líofa, feachtas foghlama Gaeilge na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus an Cumann Lúthchleas Gael. I bPáirc an Chrócaigh a sheol Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail an chomhpháirtíocht úr.

Leagadh síos sprioc go mbeadh 20,000 foghlaimeoir fud fud na tíre cláraithe le Líofa faoi 2020. Os cionn 13,000 duine atá cláraithe leis óna mbunú i 2011.

Dúirt Aogán Ó Fearghail go mbeadh CLG ag moladh Líofa mar dhóigh leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid fochumann fud fad na tíre.

Thug an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín le fios ag an seoladh gur fhreagair beagnach 13,000 duine an comhairliúchán d’Acht Gaeilge ó thuaidh agus go raibh 95% i bhfách an Achta.

Seo léargas ar an chomhoibriú a bheas ag titim amach idir Líofa agus CLG sna blianta amach romhainn chomh maith le hagallaimh ó phearsaí spóirt faoi aistear foghlama s’acusan.

Líofa seolta i bPáirc an Chrócaigh
Close
Close