Seirbhísí Óige Anois!

Inné, d’fhógair an tÚdarás Oideachais go mbeidh clubanna óige nár éirigh leo maoiniú a fháil an tseachtain seo caite in ann iarratas a chur isteach arís gan mhoill.

Tháinig an ráiteas seo sna sála ar bheagnach seachtain d'fhearg ó earnáil na gclubanna óige Gaeilge maidir leis an aistarraingt ar mhaoiniú s’acu.

Dúirt an tÚdarás Oideachais, “as some of the funding has not been allocated, we will now open the process up to a second round of applications.” 

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais Gavin Boyd fosta go mbeadh sé sásta bualadh le Glór na Móna. Sprioc an chruinnithe sin do Ghlór na Móna ná buanmhaoiniú do chumainn óige Ghaeilge Bhéal Feirste a lorg agus ní maoiniú ón ‘extended Provisions Scheme’. 

Cuireadh Glór na Móna ar an eolas ag 4:35 tráthnóna Aoine seo caite go raibh an tÚdarás Oideachais ag baint a chuid maoinithe d’obair óige. 

I ráiteas ón Údarás Oideachais, dúradh:

A multi-agency panel recently assessed applications from 65 youth providers against the set criteria. 13 were not approved as they did not meet the criteria, or did not demonstrate that they could meet the objectives of the scheme.”

De bharr na heaspa maoinithe bheadh ceathrar ag cailleadh a gcuid post ó Luan na seachtaine seo agus bheadh ar cheithre chlub óige Gaeilge i mBéal Feirste a ndoirse a dhruideadh. 

Na ceithre chlub atá druidte ón tseachtain seo ná:

 - Cumann Óige Uachtar Chluanaí i mBóthar Chluanaí Uachtar, Iarthar Bhéal Feirste

- Club Óige na bhFál ar Bhóthar na bhFál, Iarthar Bhéal Feirste

- Cumann Óige Ghlór an Ghleanna i mBaile Andarsan, Iarthar Bhéal Feirste

- Club Óige Mhachaire Bótháin in Oldpark, Béal Feirste Thuaidh

Is ionainn na clubanna óige seo agus beagnach 450 duine óg gan seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge a thuilleadh.

D’eagraigh Glór na Móna cruinniú poiblí oíche Mháirt i gColáiste Feirste, áit ar bhailigh na céadta daoine. Seoladh leathanach slua-mhaoinithe an fheachtais ar an oíche agus súil ag Glór na Móna £15,000 a bhailiú. Líon airgid é sin a deir Glór na Móna a chinnteodh go dtiocfadh leo na clubanna óige a reáchtáil ar feadh 4 mhí.

Cuireadh an slua ar an eolas fosta ag an chruinniú faoi agóid a bheadh á reáchtáil ag Glór na Móna taobh amuigh d'oifigí an Údaráis Oideachais Déardaoin.

Bhailigh slua mór ar Shráid an Acadaimh taobh amuigh den Údarás Oideachais trathnóna Déardaoin. Bhí ceol á sheinm, amhráin á gcanadh agus éilimh an tslua le cloisteáil ar fud an cheantair.

Chuaigh lear mór den slua ansin isteach chuig foirgneamh an Údaráis le litreacha don Phríomhfheidhmeannach Gavin Boyd agus chaith cuid seal ina suí ar urlár na hoifige i mbun agóidíochta.

Chaith Meon Eile an tseachtain ag leanstan an scéil agus an feachtas ar son mhaoiniú Ghlór na Móna faoi lán seoil.

Close
Close