Seán Mac Aindreasa: Ómós

D'imigh an fear ceolmhar agus an fear feachtais de bhunadh Bhéal Feirste, Seán Mac Aindreasa, ar shlí na fírinne i mí Eanáir.

Duine de bhunaitheoirí Bhunscoil Phobail Feirste ar Bhóthar Seoighe sa bhliain 1971, bhí Seán ina fhathach mór i saol na Gaeilge.

Bhí sé ceannródaíoch. Bhí sé ina shaineolaí ar chúrsaí an tsaoil agus ar ndóigh ar chúrsaí na teanga.

Ní mar gheall ar chúrsaí Gaeilge amháin áfach a lorg daoine a shaineolas, ach mar gheall ar chúrsaí amhránaíochta chomh maith.

Bhí guth galánta ag Seán agus stór milteannach mór amhrán aige.

Bhí focail na n-amhrán aige agus an stair a bhaineann leo chomh maith.

Chuir sé spéis mhór in amhráin na hAlban agus is iomaí amhrán atá anois á cheol i mBéal Feirste a bhuíochas le Seán.

Ba mhinic é i gCumann Chluain Árd - ag foghlaim na Gaeilge sna luath-bhlianta, ag múineadh, ag eagrú, ag canadh agus ag baint sult as an chomhluadar ann.

Thuig Seán an tábhacht a bhain leis an teanga a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus sin a rinne sé féin agus a bhean chéile nach maireann, Áine.

Thóg siad clann de cheathrar páistí.

D'imir Seán tionchar mór ar fhorbairt an phobail agus ar fhás na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste.

Bhí sé lárnach i mbunú Mheánscoil Feirste agus i dtógraí eile ar nós an nuachtáin 'Lá'.

Bhí Seán ina chara mór don Ghaeilge agus don phobal agus is iomaí rud atá rathúil anois dá bharr.

Labhair Meon Eile le cuid de na daoine a raibh aithne acu ar Sheán Mac Aindreasa in réimse leathan codanna dá shaol.

Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena pháistí, a gharpháistí agus a ghaolta agus a chairde ar fad. 

Tá muid go mór faoi chomaoin ag Cumann Chluain Árd as a chuid tacaíochta leis an fhíseán seo a thaifeadadh.

Ár mbuíochas fosta leis an BBC don ábhar cartlainne.

Close
Close