Oscailt Oifigiúil Chumann Chluain Ard

Oscailt Oifigiúil Chumann Chluain Ard

Bunaíodh Cumann Chluain Ard sa bhliain 1936, cothrom is ceithre scór bliain ó shin.

An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go mbeadh deis ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.

D’aimsigh siad foirgneamh ar Shráid na Sceiche agus d’oibrigh siad le bunadh na háite agus cruthaíodh lárionad do ranganna Gaeilge, don cheol agus don chraic ó shin i leith.

Mar gheall ar mhaoiniú ó Chomhairle Bhéal Feirste, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus Ciste Infheistíochta na Gaeilge, tá ionad úr nua anois ag Cumann Chluain Ard ar an láthair chéanna.

Rinneadh athoscailt oifigiúil ar áras úr an Chumainn ar an Aoine seo caite le hoíche mhór cheiliúrtha eagraithe ag coiste an Chumainn agus bhí ceamaraí Meon Eile ar an láthair don cheiliúradh.

Aoichainteoirí na hoíche ná Alastair Mac Aindreasa ó Bhóthar Seoighe, Damien Ó Dónaill ó Rann na Feirste, Edel Ní Churraoin as Indreabhán agus Aodán Ó Ceallaigh ó Rinn Ua gCuanach.

Leis an fhoirgneamh úr nua acu anois, ní thiocfaidh ach fás agus forbairt ar Chumann Chluain Ard as seo amach.

Oscailt Oifigeach Cumann Chluain Árd
Close
Close