Lá Fhéile Vailintín le Scoil an Droichid

Bhí Meon Eile i láthair in ionad pobail LORAG nó an Lower Ormeau Resident’s Action Group i ndeisceart Bhéal Feirste áit a raibh ceolchoirm á cur ar fáil ag páistí ó Scoil an Droichid, scoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhéal Feirste.

An lucht féachana a bhí acu ar an lá ná seanóirí áitiúla a thugann cuairt ar an ionad gach seachtain.

Tá Scoil an Droichid bródúil as a gcuid ceoil agus is léir go ndeachaigh an cheolchoirm agus an chuideachta go mór i bhfeidhm ar na daoine a bhí i láthair. Lá Fhéile Vailintín a bhí ann, agus bhí idir bhronntanais, bhláthanna agus sheacláidí á malartú ann.


Close
Close