Gaelscoil na bhFál - 25 Bliain ag Fás

Gaelscoil na bhFál - 25 Bliain ag Fás / Sarah de Búrca

Tá Gaelscoil na bhFál lonnaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. I mbliana tá na páistí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí ag ceiluradh cúig bliana is fiche ó bunaíodh an scoil.

Bíonn lá oscailte ag Gaelscoil na bhFál gach bliain ach i mbliana bhí lá faoi leith i gceist mar gheall go raibh an scoil ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód.

Bhí deis ag na tuismitheoirí teacht isteach agus breathnú ar an obair ar fad a bhí déanta ag na páistí i rith na bliana. Bhí taispeántas ‘zú beag’, insint scéaltaí, péinteáil aghaidhe agus neart eile ann mar chuid den cheiliúradh.

Tá fás agus forbairt tar éis teacht ar Ghaelscoil na bhFál ó bunaíodh í agus le déanaí thosaigh daltaí na scoile ag úsáid iPads chun cur lena gcuid scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta.

Fuair na múinteoirí uile iPads anuraidh agus chaith siad bliain ag foghlaim conas iad a úsáid sular bhfuair na daltaí na gléasanna.

Cuireann an teicneolaíocht nua seo go mór leis an scoil agus taitníonn na iPads go mór leis na daltaí.

Bhí Meon Eile i láthair ar 19 Meitheamh nuair a bhí lá oscailte iontach speisialta ar siúl i nGaelscoil na bhFál.

Close
Close