Dúshláin agus dóchas – Gaelscoil na Daróige

Dúshláin agus dóchas – Gaelscoil na Daróige

Bíonn a scéal féin ag gach pobal agus leoga a mhacasamhail ag gach Gaelscoil fosta. Bunaíodh Gaelscoil na Daróige i nDoire Cholmcille i 2005. Is scoil í a tógadh ar thalamh diomailte i gceantar faoi mhíbhuntáiste in eastát tithíochta Bhaile Mhic Rabhartaigh. Leis an bhliain scoile anois críochnaithe, tá na chéad pháistí a leag a gcosa thar tairseach na scoile anois á fágáil le Gaeloideachas bunscoile faoina n-ascaill acu.

Bhí an scoil cúig bliana gan aon mhaoiniú Rialtais, iad ag bráth go hiomlán ar sheasmacht an phobail. Tháinig dúshlán eile ón Roinn Oideachais ina dhiaidh sin, dúshlán ar sháraigh an scoil é agus iad anois aitheanta i measc thrí Ghaelscoil na cathrach. Seachtó páiste atá anois cláraithe idir Naíscoil Mhaol Íosa agus Gaelscoil na Daróige féin.

Mar an gcéanna le ceantracha eile agus Gaeloideachas á thógáil sa phobal, rinne muintir na háite agus foireann na scoile íobairtí beaga agus móra sna laethanta tosaigh le bláthú na scoile a chinntiú.

Seo scéal faoi scoil a d’fhás ón phobal, a sháraigh bacainní agus atá anois mar chuisle Ghaelach Bhaile Mhig Rabhartaigh.

Gaelscoil na Daróige / Shane Ó Curraighín
Close
Close