Cur Chun Cinn na Gaeilge ar Champas Ollscoil Mhá Nuad

Ceapadh an tOllamh Fionntán de Brún as Béal Feirste mar Cheann Roinne agus Ollamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad i Meán Fómhair 2017.

Tá an-bhéim ag an Ollscoil ar na dána agus is rogha choitianta í an Ghaeilge do mhic léinn na hollscoile.

Is iomaí mac léinn i Má Nuad a bhfuil bunchéim, máistreacht nó PHD sa Ghaeilge, sa litríocht, sna meáin nó sa taighde ar bun acu.

Ar a bharr sin, is Cumann Gaelach gnóthach agus láidir í Cuallacht Mhá Nuad agus le scéim chónaithe Ghaeilge, Oifigeach Gaeilge lánaimseartha agus Oifigeach Gaeilge ag Aontas na Mac Léinn, bíonn neart deiseanna labhartha ann ar champas na hOllscoile.

Thug Meon Eile cuairt ar Ollscoil Mhá Nuad le déanaí chun labhairt le pobal an choláiste faoi rath na Gaeilge ar champas...

Close
Close