Cumann Siúlóide lán-Ghaeilge bunaithe i mBéal Feirste

Cumann Siúlóide lán-Ghaeilge bunaithe i mBéal Feirste

Tá tús curtha le grúpa siúlóide lán-Ghaeilge i mBéal Feirste dárb ainm Cumann Siúlóide Loch Lao. Ba iad grúpa Gaeilgeoirí óga sa chathair, Piarais Mac Alastair, Conall Ó Corra agus Tomás Mac Ardail, a chuir an cumann nua ar bun. Táthar ag dréim siúlóidí a eagrú gach deireadh seachtaine.

Tá Cumann Siúlóide Loch Lao tagtha sna sála ar chumainn eile lán-Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste: cinn iascaireachta, rothaíochta, cócaireachta agus peile. Bhí Meon Eile i gcuideachta na siúlóirí ar a gcéad turas chuig mullach an tSléibhe Dhuibh. Labhair muid le baill an chumainn faoin méid atá ar siúl acu agus a mianta don chumann…

Cumann Siúlóide
Close
Close