Comhpháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste – An dúlra álainn

Comhpháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste – An dúlra álainn

Oibríonn Comhpháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste ar son an dúlra i mórlimistéir na cathrach, le daoine ag teacht le chéile ó chomhairlí Bhéal Feirste, Lios na gCearrbhach, Bhaile na Mainistreach agus Aontroma le bheith ag déanamh beart ar son na timpeallachta.

Cinntíonn siad go mbíonn cnoic Bhéal Feirste deas glan don phobal agus cuireann siad tograí úra ar bun le cur le comhshaol na gcnoc.

Eagraíonn Comhpháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste imeachtaí éagsúla i rith na bliana; féiltí, siúlóidí agus turais ina measc. Tá neart staire ag baint leis na sléibhte agus cuireann na treoraithe an seanchas in iúl agus iad i mbun turais nó siúlóide timpeall na gcnoc.

Déantar obair ar logainmneacha chomh maith agus is áit mhaith í chun teacht ar ainmneacha sléibhte trí Ghaeilge.

Chas Meon Eile le Cormac Ó hÁdhmaill le déanaí, comhshaolaí a bhíonn ag obair go deonach, chun níos mó eolais a fháil ar na cnoic agus chun an tsíocháin agus an suaimhneas a bhlaiseadh.

Bíonn oibrithe deonacha á lorg ag Comhpháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste go minic. Má tá spéis agat ann nó má tá tú ag iarraidh níos mó eolais ar an Chomhpháirtíocht, is féidir leat dul chuig an suíomh http://www.belfasthills.org/

Comhpháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste / Sarah de Búrca
Close
Close