Ceiliúradh faoi scáth Bhalla Síochána Townsend

D’eagraigh grúpaí pobail ó Bhóthar na bhFál agus ceantar na Seanchille féile aon lae faoi gheaftaí bhalla síochána Shráid Townsend.

Tá 99 balla nó sconsa síochána thart fud 13 limistéir éagsúil i mBéal Feiste, dar leis an eagras Belfast Interface Project.

In ainneoin go bhfosclaítear geaftaí ag cor balla síochána i rith an lae, druidtear an tromlach acu istoíche.

Teastaíonn ó Fheidhmeannas Stormont go mbeidh na ballaí agus sconsaí uilig bainte anuas faoin bhliain 2023.

Chaith Meon Eile tráthnóna i gcuideachta mhuintir na bhFál agus na Seanchille agus d’fhiosraigh muid meon an phobail i leith na mballaí síochána agus an caidreamh idir an pobal ar an dá thaobh.

Lá Idirnáisúinta na Síochána
Close
Close