Cearta Sibhialta na Gaeltachta, 1967

Is sna 1960í a thosaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara.

Bhí an pobal in achrann leis an rialtas ar son post, measa agus cearta sibhialta don cheantar Gaeltachta.

50 bliain níos moille, tá iarmhairtí na gluaiseachta sin go fóill le feiceáil in iarthar na tíre.

Anseo ó thuaidh, tá an troid fós ar siúl agus cearta á lorg ag pobal na teanga.

Taispeánadh an scannán 'An Mar A Chéile Muid?' le Seán Ó Cualáin i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBeál Feirste ar na mallaibh mar chuid d'imeacht eagraithe ag an Choiste Comórtha 50 Bliain Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta.

Scannán faisnéise é a léiríonn na fadhbanna agus deacrachtaí a bhí ann ag tús na gluaiseachta sna 1960í agus an bealach ina bhfuil an ceantar sa lá inniu.

I ndiaidh an scannáin, bhí plé ann idir an lucht féachana agus na haíonna; Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Edel Ní Churraoin, beirt atá bainteach leis an ghluaisteacht ó thuaidh agus Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Seosamh Ó Cuaig, beirt a bhfuil baint acu leis an ghluaiseacht i gConamara.

Ár mbuíochas le Seán Ó Cualáin a thug cead dúinn codanna dá scannán 'An Mar A Chéile Muid?' a úsáid sa phíosa seo. Tá an scannán iomlán le feiceáil anseo.

Close
Close