'Cúrsaí' seolta ag Fóram na nGael

Sheol Fóram na nGael leabhrán dar teideal ‘Cúrsaí’ faoi na himeachtaí agus ranganna Gaeilge a bhéas ar siúl i gcathair Bhéal Feirste idir seo agus an Nollaig.

Tá beagnach 4,500 dalta ag tabhairt faoin Ghaeloideachas ó thuaidh, le thart ar a leath acu sin lonnaithe i mBéal Feirste. Déantar cur síos sa leabhrán ar imeachtaí Gaeilge de chuid 35 grúpa pobail ó fud fad na cathrach.

“Tuigeann muid go bhfuil na grúpaí pobail freagrach as clár oibre dian dícheallach a chur le chéile,” a deir Diarmuid Breslin ó Fhóram na nGael.

Seo chugaibh léargas ar an mhéid a bhéas ag tarlú cois cuain idir seo agus an Nollaig…

Cursaí seolta
Close
Close