Bréag-Bhainis Aerach Ghaelach

D'eagraigh an Dream Dearg, in éineacht le Love Equality, Rainbow Project agus Féile an Phobail, fronsa, nó bréag-bhainis, aerach Ghaelach Déardaoin seo caite sa Chultúrlann. 

Rinneadh é chun aird a dhíriú ar an fheachtas ar son comhionannas pósta agus Acht Gaeilge trí chéile.

Bhí an Fhéile Bród ar siúl i mBéal Feirste an tseachtain seo caite agus chinn An Dream Dearg tacaíocht a léiriú don chúis. 

Phós Conall Mac Corraidh agus Criostóir Mac Pháidín i gcaife na Cultúrlainne agus bhí Dónall Mac Giolla Chóill i bhfeighil an tsearmanais.

Bhí Meon Eile i láthair ag an cheiliúradh.

Close
Close