Bliain ar an fhód – ár mbuíochas libh!

Is ar an lá seo anuraidh a cuireadh tús le www.meoneile.ie. Le himeacht bliana anuas, tá beagnach 200 fís-scéal agus caoga alt scríofa foilsithe ar Meon Eile (beagnach 12 uair d’fhíseáin).

Ó spórt go cúrsaí reatha, cultúr go nuacht an phobail, gnó go teicneolaíocht, tá scéalta phobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó theas le fáil ar Meon Eile.

Go tíreolaíoch, bíonn lucht léanúna an tsuímh lonnaithe i gceithre chearn na cruinne, Éire, SAM, An Astráil, Ceanada, An Iodáil, An tSualainn agus An Bhrasaíl san áireamh.

Mar mheán idirlín, tá sé mar sprioc againn an comhrá a ghríosú agus an chaint a chothú i measc phobal labhartha na teanga. Is rud é sin nach féidir a dhéanamh gan lucht féachana.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh as Meon Eile a leanúint le bliain anuas, go háirithe libhse a ghlac páirt sna físeáin agus a chuidigh linn iad a chur i dtoil a chéile. Go raibh maith agaibh.

Sa bhliain amach anseo, léanfaidh Meon Eile ag soláthar físeán ó phobal na Gaeilge ar fud an oileáin. Beidh bhur gcuidiú de dhíth arís, ar scáth a chéile a mhairimd.

Is bailiúchán de bhuaicphointí éagsúla na bliana anuas atá san fhíseán thíos. Bainigí sult as agus coinnigh oraibh dár leanúint!

Meon Eile
Close
Close