Atógáil chomhphobail i gCarn Tóchair

Atógáil chomhphobail i gCarn Tóchair

Osclaíodh foirgneamh nuachóirithe Charn Tóchair, Co. Dhoire, an tseachtain seo a chuaigh thart.

Lá mór do Choiste Forbartha an Chairn agus iad ag cur an ionaid nua ealaíon, ionad comhdhála agus lóistín féinfhreastail leis na tograí eile atá bainte amach acu go dtí seo.

Ó 1992, nuair a bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair, tá an oiread dul chun cinn déanta acu sa cheantar tuaithe seo taobh amuigh de Mhachaire Rátha.

Tá bunscoil agus naíscoil Ghaeilge bunaithe acu agus níos mó ma cead dalta ag freastal orthu. Anois suite leathbhealach idir an dá scoil seo tá na foirgnimh úra seo agus é soiléir leis na himeachtaí atá ar siúl ann go dtí seo, chomh maith leis an fhís atá ag an Choiste, gur croílár an comhphobail a bheas iontu.

Rachaidh na háiseanna úra chun tairbhe go mór don atógáil phobail seo, ó thaobh cúrsaí turasóireachta, na heacnamaíochta agus na Gaeilge de.

Ath-thógáil chomhphobal i gCarn Tóchair
Close
Close