Ár dTeanga Roinnte i Stormont

Seoladh an leabhrán ‘Ár dTeanga Roinnte: bunús, éabhlóid agus forbairt na Gaeilge’ sa Teach Gloine ar Eastát Stormont an Mháirt seo caite. Bhí Máirtín Ó Muilleoir agus Uachtarán nuathofa Chonartha na Gaeilge, Neil Comer, mar aíonna agus bhí ceol ann ón bhuíon Ceoltóirí Lúraigh.

Bhí Conradh na Gaeilge agus Máirtín Ó Muilleoir ar ais ansin in Stormont inné in éineacht le scoileanna trasphobail. Bhí Barra Best ón BBC ina fhear an tí mar aon le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge agus cur i láthair ó na scoileanna éagsúla.

Bhí Meon Eile i láthair ag an dá imeacht agus leabhrán ‘Ár dTeanga Roinnte’ á sheoladh go hoifigiúil.

Close
Close