An chéad chruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí

An chéad chruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí

Is i mBaile Átha Cliath in Áras na Scríbhneoirí ar an tseachtain seo caite a tháinig grúpa scríbhneoirí le chéile don chéad chruinniú de chuid Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

Bhí thart ar leathchéad i láthair agus iad ag nochtadh a gcuid tuairimí agus imní atá orthu faoi litríocht na Gaeilge agus cad atá i ndán di.

Mhínigh Cathal Póirtéir an gá a bhí leis an Aontas le scríbhneoiri agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun tosaigh.

Thug Anna Heussaff páipéar ar chúrsaí aistriúcháin.

Bhí Robert McMillen as láthair siocair na drochaimsire ach léadh amach a thuairsc ar an tacaíocht don scríbhneoir Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Agus thug Alan Titley agus Gabriel Rosenstock caint spreagúil faoi na céimeanna ba choir tógáil ar mhaithe le scríbhneoirí agus litríocht anseo in Éirinn.

Roimh dheireadh an lae bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go hoifigiúil agus toghadh Coiste Stiúrtha sealadach ar a bhfuil Cathal Póirtéir, Antain Mac Lochlainn, Éilís Ní Anluain, Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh, Réaltán Ní Leannáin, Proinsias Mac a Bhaird agus Alan Titley.

Beidh siad ag teacht le chéile arís i gceann cúpla seachtaine le tús a chur lenár gclár oibre.

Aontais na Scríbhneoirí
Close
Close