Feachtas Bhoscaí na Nollag - boscaí lán le sonas agus dóchas!

Bhí obair speisialta ar bun ag grúpa oibrithe deonacha i nGaeltacht Thír Chonaill le gairid.

Gach bliain tagann daoine as na Rosann agus Gaoth Dobhair le chéile le boscaí na Nollag a chruinniú do pháistí ar fud na domhain atá ar an ghannchuid agus atá ag fulaignt de bharr cogaidh agus gorta.

Faoi stiúir Pius Uí Ghallachóir, cruinníonn na scoileanna agus gnólachtaí áitiúla éadaí, earraí níocháin, bréagáin agus ábhar scoile le cur isteach sna boscaí.

Bíonn feachtas bliantúil ar fud na tíre ag Team Hope darb ainm an ‘Shoebox Appeal’, a chinntíonn go bhfaigheann na páistí seo thar lear bronntanais um Nollaig.

Téann na boscaí go páistí san Rómáin, san Bhealarúis, san Mhaláiv, sa tSuasalainn agus go leor tíortha eile.

D’fhág breis agus 254,000 bosca Éire anuraidh agus tá Team Hope agus na grúpaí deonacha, scoileanna agus gnólachtaí ag súil go dtiocfaidh ardú arís ar an uimhir sin i mbliana.


Ba mhaith le Pius buíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh léi i mbliana agus í an-bhuíoch as an tacaíocht a fuair sí ó scoileanna agus ó ghnólachtaí an cheantair.

D’fhág breis agus 2,000 bosca Anagaire an tseachtain seo caite agus faoi láthair tá siad ar an bhealach anonn chuig páistí san Rómáin agus san Bhealarúis.

Close
Close