5 fhíseán pobail is mó ó 2017

Cuid phleasúrtha d’obair Meon Eile é tuairisciú ar na scéalta pobail agus ar na gaiscí atá á ndéanamh ag Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ar mhaithe le cur chun cinn a gceantracha féin. Seo cúig cinn de na físeáin pobail is mó ar chuir leantóirí an tsuímh spéis iontu i mbliana…

Aodán Mac Póilin: Ómós

D’imigh an fear léinn agus an fear feachtais de bhunadh Bhéal Feirste, Aodán Mac Póilin, ar shlí na fírinne go gairid i ndiaidh na Nollag.

Ba mhór an gheit a baineadh as Gaeil na tíre ar cluinstin daofa gur sciobadh ar shiúl duine de Ghaeilgeoirí móra an Tuaiscirt i ndiaidh tréimhse an-ghearr tinnis. 


Seachtain na Gaeilge 2017

Miriam O’Callaghan, Art Parkinson Micheál Ó Ciaraidh agus Eoghan McDermott a bhí i láthair leis an fhéile dhomhanda Seachtain na Gaeilge a sheoladh go hoifigiúil i gceanncheathrú idirnáisiúnta Facebook i mBaile Átha Cliath i mbliana.


Glór na Móna - Seirbhísí óige anois!

Chaith Meon Eile an tseachtain ag leanstan an scéil agus an feachtas ar son mhaoiniú Ghlór na Móna faoi lán seoil.


Spraoi ar Shráid an Mhúraigh

Tá stair an-suntasach bainteach le Sráid an Mhúraigh mar is anseo a chaith ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916 a gcuid laethanta deireanacha sular ghéill siad do na Sasanaigh.

Eagraithe ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Áth Cliath, bhí sé mar sprioc aige ceiliúradh a dhéanamh ar stair agus ar chultúr na sráide.


Bréag-Bhainis Aerach Ghaelach

D'eagraigh an Dream Dearg, in éineacht le Love Equality, Rainbow Project agus Féile an Phobail, fronsa, nó bréag-bhainis, aerach Ghaelach Déardaoin seo caite sa Chultúrlann.


Close
Close