‘Cúrsaí’ – Leabhrán ranganna Gaeilge Bhéal Feirste seolta

Sheol Fóram na nGael i mBéal Feiste leabhrán dar teideal ‘Cúrsaí’ faoi imeachtaí agus ranganna Gaeilge na cathrach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo.

Déanann an leabhrán cur síos ar imeachtaí teanga-bhunaithe de chuid 20 grúpa éagsúil pobail sa chathair.

Deir Rónán Mac Aoidh, Oifigeach Forbartha le Croí Éanna, gurb í sprioc Fhóram na nGael grúpaí Gaeilge na cathrach a thabhairt le chéile agus a chinntiú nach bhfuil siad ag seasamh ar chosa a chéile.

“Seo seans le daoine amharc ar an mhéid atá ar fáil ar fud na cathrach agus ansin cinneadh a dhéanamh faoi cé acu is fóirsteanaí daofa féin,” arsa Rónán.

Cúrsaí

Thug Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an East Belfast Mission, le fios go mbeidh Ionad nua Gaeilge ar oscailt in Oirthear Bhéal Feirste ag tús na bliana seo chugainn.

“We had 120 attend our classes last year. Our big plan at the moment, pending funding, is to create our own Irish language centre in East Belfast. A lot of our speakers are very isolated; they don’t know other people who have Irish or families who have Irish. We want to bring them together to have a bit of cleachtadh!”

Deir Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Fhóram na nGael go raibh claonadh ag grúpaí Gaeilge feidhmiú ar bhonn iargúlta.

“Tuigeann muid go bhfuil na grúpaí seo freagrach as clár oibre dian dícheallach a chur le chéile. Ag an am céanna, bhí muidne den bharúil go raibh orainn teacht le chéile, go raibh spriocanna comónta cathrach againn agus gurbh fhiú dúinn a cinntiú nach raibh dúbail ag tarlú,” arsa Feargal.

“Beagnach 4,500 páiste atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ó thuaidh agus tá níos mó ná 2,000 acu i mBéal Feiste. Tá na grúpaí s’againn ag freastal ar an phobal.”

Close
Close