Stádas inbhuanaithe caipitil bronnta ar cheithre ghaelscoil

Tá stádas inbhuanaithe caipitil bronnta ag an Aire Oideachais John O’Dowd ar cheithre ghaelscoil, rud a fhágann nach bhfuil ach trí ghaelscoil fágtha sna sé chontae nach bhfuil stádas inbhuanaithe acu.

Bhronn an tAire O’Dowd an stádas inbhuanaithe ar Gaelscoil Léim an Mhadaidh; Gaelscoil Eoghain, An Chorr Críochach; Gaelscoil na mBeann, Cill Chaoil; agus Gaelscoil na Móna, Béal Feirste.

Ciallaíonn an stádas caipitil go bhfuil cúraimí forbartha agus maoinithe na gceithre scoileanna anois go hiomlán faoin Roinn Oideachas seachas faoi Iontaobhas na Gaelscolaíochta.

Tá an Roinn Oideachais le haisíocaíocht a dhéanamh le hIontaobhas na Gaelscolaíochta don infheistíocht atá déanta acu sna ceithre Ghaelscoil ó bunaíodh iad.

Fágfaidh seo ciste mhéadaithe faoin Iontaobhas chun tacú le forbairt na hearnála amach anseo.Deir Cathaoirleach an Iontaobhais, Pilib Mistéil gurb é soláthar luathbhlianta (0-3) agus soláthar iarbhunscolaíochta na chéad dúshláin eile atá rompu.

Rinneadh ceiliúradh ar stádas ardaithe na ngaelscoileanna sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na maillibh, labhair Meon Eile le hionadaithe na nGaelscoileanna faoin méid atá rompu…

Iontaobhas na Gaelscolaíochta
Close
Close